I nGarran na Bhile

An raibh tú riamh i nGarán a Bhile?
Nó an bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarán a Bhile

Is gile í ná eala ar linn
Sna sneachta ar bharr na craoibhe cuilinn;
'S milse a póg ná drúcht na rós
'Si Cáit mo stór i nGarán a' Bhile

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarán a Bhile?
Nó an bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarán a Bhile

Is binne a ceol ná lon 's na smól
A's na filiméala ar chraoibhe na saile
Mar loing faoi sheol ar thoinn gan cheó
Sea chimse mo stór i nGarán a' Bhile

[Chorus]
An raibh tú riamh i nGarán a Bhile?
Nó an bhfaca tú í ' nGarán a Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
'Sí Cáit mo stór i nGarrán a Bhile

Chughasta a Chriost, le fonn mo ghuí
Má tá aon brí le guí an bhfile
Gan cáin, gan chíos, gan phráinn, gan dhíth
Go raibh Cáit is a budhin i nGarán a' Bhile

Curiosità sulla canzone I nGarran na Bhile di The Wolfe Tones

Quando è stata rilasciata la canzone “I nGarran na Bhile” di The Wolfe Tones?
La canzone I nGarran na Bhile è stata rilasciata nel 1970, nell’album “Rifles of the I.R.A”.

Canzoni più popolari di The Wolfe Tones

Altri artisti di Folk